21TRA569 Stór Focal… Arís? Bogaimis ar aghaidh! Le póstaeir, pleanáil agus cluichí
Seachas an stór focal céanna ar na hábhair chéanna a mhúineadh gach aon bhliain, pléifear anseo dearadh póstaeir, seicheamhú ceachtanna agus cluichí chun gramadach a mhúineadh. Tabharfar nodanna do na rannpháirtithe maidir le timpeallacht Ghaelach aoisoiriúach a chruthú sa seomra ranga, chomh maith le cumas cainte na bpáistí a fhorbairt.
Bio of Presenter: Madeleine Ní Ghallchobhair

Is léachtóir i Roinn na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino í Madeleine Ní Ghallchobhair. Ba mhúinteoir meánscoile í, a mhúin Gaeilge i Nua-Eabhrac mar Fulbright FLTA agus i gColáiste na hOllscoile BÁC. Is ábhar dochtúireachta í i mbun taighde ar an tumoideachas. Tá sí ag obair leis an mBaitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge. Tá spéis aici i ndearadh acmhainní, scileanna múinteoireachta agus múineadh na Gaeilge ach go háirithe.
Course Details
| Course Start Date / Time | 04-10-2021 7:00 pm |
| Course End Date / Time | 04-10-2021 8:00 pm |
| Cut off date | 04-10-2021 6:00 pm |
| Available place | 1000 |
| Fee | Free |
| Number Hours | 1 |
| Speaker | Madeleine Ní Ghallchobhair |
| Location | Online |