Díreoidh an seisiún seo ar na modhanna éagsúla measúnaithe is féidir a úsáid chun próifíl iomlánaíoch a chruthú de mhic léinn atá ag foghlaim trí Ghaeilge. Tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint ag múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge ar mhodhanna éagsúla measúnaithe toisc nach bhfuil go leor measúnuithe caighdeánaithe ar fáil trí Ghaeilge. Cuirfidh an seisiún seo straitéisí praiticiúla ar fáil gur féidir a úsáid sa seomra ranga.
Beathaisnéis
An Dr. Sinéad Nic Aindriú (Andrews), Ollamh Cúnta, Scoil an Oideachais Ionchuimsithigh agus Speisialta, Institiúid Oideachais OCBÁC
D'oibrigh Sinéad mar múinteoir i ngaelscoileanna agus chomh maith leis seo tá taithí aici a bheith ag obair mar príomhoide ar scoil Bhéarla. Faoi láthair, tá sí ag múineadh ar fud clár fochéime agus iarchéime san Institiúid Oideachais. Rinne a tráchtas dochtúireachta imscrúdú ar na tacaíochtaí breise atá de dhíth ó daltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu i scoileanna lán-Ghaeilge. Faoi láthair tá sí ag obair ar cúrsa bhforbairt ghairmiúil leanúnach a dhearadh do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge chun cabhrú leo freastal ar riachtanais speisialta oideachais a gcuid daltaí.
Course date | 21-01-2021 7:00 pm |
Course End Date | 21-01-2021 8:00 pm |
Registration Start Date | 02-11-2020 |
Cut off date | 21-01-2021 6:00 pm |
Individual Price | Free |
Speaker | An Dr. Sinéad Nic Aindriú (Andrews) |
Number Hours | 1 hour |
Location | Online |