Skip to main content

066 7195000 | This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Search for Courses

Category
webinar recordings 5

Access Webinar Recordings

if you previously missed a webinar !

26TRA288 Prós na hArdteistiméireachta 2027: Athair le Micheál Ó Conghaile agus Cuairteoir le hOrna Ní Choileáin

26TRA288 Prós na hArdteistiméireachta 2027: Athair le Micheál Ó Conghaile agus Cuairteoir le hOrna Ní Choileáin

 

 

 

 

 

Dáta:    Dé Céadaoin, 18 Márta 2026
Am:      8.00 – 9.00 pm
Ionad:  Ar líne trí Zoom

Sprioclucht féachana: Múinteoirí Gaeilge atá ag ullmhú daltaí ardleibhéal agus gnáthleibhéal do chúrsa na hArdteistiméireachta 2027

Tabharfar léargas ar dhá théacs próis atá ar shonraíocht na hArdteistiméireachta 2027 – Athair le Micheál Ó Conghaile agus Cuairteoir le hOrna Ní Choileáin.

Ag deireadh an tseimineáir seo, beidh rannpháirtithe in ann:

  • téamaí, mothúcháin agus brí lárnacha na scéalta a shoiléiriú
  • príomhtheicnící próis agus gnéithe teanga a aithint agus a mhíniú
  • freagairt phearsanta agus léirmhíniú criticiúil na ndaltaí a threorú
  • daltaí a ullmhú go héifeachtach do cheisteanna scrúdaithe próis
  • tascanna ranga a dhearadh chun scileanna scríofa agus scrúdaithe na ndaltaí a fheabhsú

Beathaisnéis an láithreora: Siobhán Ní Mhurchu

siobhan ni mhurchu headshot

Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais í Siobhán atá ag múineadh i scoil T1 & T2 le níos mó ná 15 bliana. Tá taithí aici le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir scríofa agus ar na Béaltrialacha.

Chaith sí dhá bhliain mar Fheidhmeannach Gael Linn ag obair ar an scéim Gaelbhratach. Tá sí ag obair faoi láthair ar Studyclix mar shaineolaí ábhair.

Course Details

Course Start Date / Time 18-03-2026 8:00 pm
Course End Date / Time 18-03-2026 9:00 pm
Cut off date 18-03-2026 8:15 pm
Available place 500
Fee Free
Number Hours 1
Speaker Siobhán Ní Mhurchú
Location Online

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars