Skip to main content

066 7195000 | This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Search for Courses

Category
webinar recordings 5

Access Webinar Recordings

if you previously missed a webinar !

26TRA287 Cur Chuige Éifeachtacha i dteagasc na Filíochta 2027: Dínit an Bhróin le hAilbhe Ní Ghearbhuigh agus Glaoch Abhaile le hÁine Ní Ghlinn.

26TRA287 Cur Chuige Éifeachtacha i dteagasc na Filíochta 2027: Dínit an Bhróin le hAilbhe Ní Ghearbhuigh agus Glaoch Abhaile le hÁine Ní Ghlinn.

 

 

 

 

 

Dáta:    Dé Céadaoin, 11 Márta 2026
Am:      8.00 – 9.00 pm
Ionad:  Ar líne trí Zoom

Sprioclucht féachana: Múinteoirí Gaeilge atá ag ullmhú daltaí ardleibhéal agus gnáthleibhéal do chúrsa na hArdteistiméireachta 2027

Tabharfar léargas ar dhá dhán atá ar shonraíocht na hArdteistiméireachta 2027 – Dínit an Bhróin le hAilbhe Ní Ghearbhuigh agus Glaoch Abhaile le hÁine Ní Ghlinn.

Díreofar ar bhrí na ndánta, ar na téamaí lárnacha agus ar na mothúcháin a chuirtear in iúl iontu, i gcomhthéacs chritéir mheasúnaithe an Choimisiúin um Scrúduithe Stáit.

  • Déanfar anailís ar na teicnící filíochta agus ar ghnéithe teanga a thacaíonn le freagairt phearsanta, léirmhíniú criticiúil agus freagra forbartha — príomhghnéithe de mheasúnú na hArdteistiméireachta.
  • Pléifear cur chuige éifeachtacha chun daltaí a ullmhú do cheisteanna scrúdaithe,
  • Molfar tascanna ranga a chuireann le forbairt scileanna scríofa agus scrúdaithe na ndaltaí.

Beathaisnéis an láithreora: Siobhán Ní Mhurchu

siobhan ni mhurchu headshot

Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais í Siobhán atá ag múineadh i scoil T1 & T2 le níos mó ná 15 bliana. Tá taithí aici le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir scríofa agus ar na Béaltrialacha.

Chaith sí dhá bhliain mar Fheidhmeannach Gael Linn ag obair ar an scéim Gaelbhratach. Tá sí ag obair faoi láthair ar Studyclix mar shaineolaí ábhair.

Course Details

Course Start Date / Time 11-03-2026 8:00 pm
Course End Date / Time 11-03-2026 9:00 pm
Cut off date 11-03-2026 8:15 pm
Available place 500
Fee Free
Number Hours 1
Speaker Siobhán Ní Mhurchú
Location Online

Seimineáir Ghréasáin ITOÉ | ESCI Webinars