22TRA386 An Tairseach and Mol Mata

Tweet

 

 

 

 

 

MOL MATA

Cur Síos: 

Is comhthionscadal é seo idir CCEA agus An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhar le PDST. Tá sé de chuspóir ag an tionscadal tacú leis an dá churaclam ó thuaidh agus ó dheas maidir le teagasc na matamaitice.

Leis an chuspóir seo a bhaint amach, tá réimse uirlisí agus láimhseoga ar líne, cluichí agus gníomhaíochtaí ceannoscailte. Dearadh iad seo go speisialta le deis a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta a gcuid smaointeoireachta agus teanga mhatamaiticiúil a fhorbairt ar bhealach spraíúil.

AN TAIRSEACH

Cur Síos: 

Is suíomh nua é An Tairseach ina féidir le múinteoirí cuardach a dhéanamh ar acmhainní ó thaobh ábhar agus rang leibhéil de. Tá COGG ag bailiú le chéile na hacmhainní ar líne go léir in aon áit amháin chomh maith le acmhainní nua a fhoilsiú go rialta.

Tá an seimineár seo oiriúnach do gach leibhéal sa bhunscoil.

Láithreoir: Frank Ó Tormaigh - Oifigeach Oideachais Digiteach leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG).

Course Details

Course Start Date / Time 21-09-2022 4:00 pm
Course End Date / Time 21-09-2022 6:00 pm
Cut off date 21-09-2022 5:00 pm
Available place 18
Fee Free
Number Hours 2
Speaker Frank Ó Tormaigh
Location Tralee Education Support Centre

Course unavailable