26TRA286 Scrúdú Béil na hArdteistiméireachta: Cur Chuige agus Cleachtais Éifeachtacha don Seomra Ranga

26TRA286 Scrúdú Béil na hArdteistiméireachta: Cur Chuige agus Cleachtais Éifeachtacha don Seomra Ranga

 

 

 

 

 

Dáta:    Dé Céadaoin, 4 Márta 2026
Am:      8.00 – 9.00 pm
Ionad:  Ar líne trí Zoom

Sprioclucht féachana: Múinteoirí Gaeilge atá ag ullmhú daltaí ardleibhéal agus gnáthleibhéal do Bhéalscrúdú na hArdteistiméireachta

  • Díreofar ar an Scrúdú Béil, i gcomhthéacs struchtúir agus critéir mheasúnaithe an Choimisiúin um Scrúduithe Stáit (SEC).
  • Roinnfear smaointe maidir le hacmhainní teagaisc praiticiúla chun scileanna cainte agus cumarsáide na ndaltaí a fhorbairt.
  • Pléifear modhanna teagaisc éifeachtacha chun ceachtanna gníomhacha agus idirghníomhacha a fhorbairt.
  • Léireofar samplaí praiticiúla ón seomra ranga chun daltaí a ullmhú don Scrúdú Béil.

Beathaisnéis an láithreora: Siobhán Ní Mhurchu

siobhan ni mhurchu headshot

Múinteoir Gaeilge agus Corpoideachais í Siobhán atá ag múineadh i scoil T1 & T2 le níos mó ná 15 bliana. Tá taithí aici le Coimisiún na Scrúduithe Stáit mar scrúdaitheoir scríofa agus ar na Béaltrialacha.

Chaith sí dhá bhliain mar Fheidhmeannach Gael Linn ag obair ar an scéim Gaelbhratach. Tá sí ag obair faoi láthair ar Studyclix mar shaineolaí ábhair.

Course Details

Course Start Date / Time 04-03-2026 8:00 pm
Course End Date / Time 04-03-2026 9:00 pm
Cut off date 04-03-2026 8:15 pm
Available place 500
Fee Free
Number Hours 1
Speaker Siobhán Ní Mhurchú
Location Online