24TRA716 Comhphobal Cleachtais, Tacaíochta & Meantóireachta do mhúinteoirí Mata agus Eolaíochta ag múineadh trí Ghaeilge

Tweet
24TRA716 Comhphobal Cleachtais, Tacaíochta & Meantóireachta do mhúinteoirí Mata agus Eolaíochta ag múineadh trí Ghaeilge

 

 

 

DÁTA:      DÉ MÁIRT, 26 SAMHAIN, 2024
AM:          7.00PM - 8.00PM
IONAD:   AR LÍNE TRÍ ZOOM

Sprioc-shlua/Target Audience: Second Level Maths and Science Teachers working through Irish

Bí linn don dara cuid de shraith trí oíche a thacóidh leo siúd a mhúineann Mata agus/nó Eolaíocht trí Ghaeilge. Beidh trí chuid i ngach ceann de na hoícheanta:

1. Iniúchadh ar mhodhanna chun measúnuithe leanúnach a nascadh leis an hintinní foghlama don Sraith Sóisearach agus leis
2. Tacú le cruinneas agus caighdeán na Gaeilge trí dhíriú ar áiseanna ranga
3. Comhthacaíocht agus líonrú i ngrúpaí ábhair Mata agus na hEolaíochtaí.

Seisiún 2
Cuid 1 – Beidh Amy ag díriú an uair seo ar phleanáil do mheasúnuithe sa seomra ranga Mata agus Eolaíochta. Molfaidh Amy modhanna chun measúnuithe foirmitheacha a dhearadh sa tslí agus go n-ulmhaíonn sé scoláirí do mheasúnuithe suimitheacha le béim ar na scrúduithe stáit agus go mbaintear amach torthaí foghlama na Sraithe Sóisearaí ag an am céanna. Tabharfaidh múinteoirí leo raon nodanna chun ró-mheasúnú a sheachaint agus chun ceartú a dhéanamh níos éifeachtaí. Taispeánfaidh sí freisin samplaí óna seomra ranga féin ina n-úsaideann sí measúnú leanúnach le scileanna a fhorbairt do na scrúduithe stáit.

Cuid 2 – Beidh Feargal ag díriú ar na riachtanais teanga atá de dhíth le go dtabharfadh scoláirí faoi pháipéir scrúduithe stáit Mata agus Eolaíochta. Beidh béim ach go háirithe ar theanga sainiúil na scrúduithe stáit agus tabharfar nodanna ar conas an teanga sin a leabú i ngnáth-theanga an tseomra ranga. Geobhaidh múinteoirí doiciméad leis na páipéir scrúduithe Sraith Sóisearach Eolaíochta atá eagraithe de réir topaice agus geobhaidh siad doiciméad le réitigh ar iarpháipéir Matamaitice roinnte de réir bliana. Geobhaidh múinteoirí rochtain ar chóipeanna digiteacha den ábhar scrúdú dhírithe seo freisin agus físeáin réitigh ar an ábhar Mata mar chuid de.

Cuid 3 – Roinnfear múinteoirí i ngrúpaí de réir ábhair agus tabharfar deis dóibh comhrá neamh-fhoirmeálta a dhéanamh ar a dtaithí féin. Tabharfar deis do ghach múinteoir clárú do ghrúpa príobháideach ar líne áit a bheidh siad ábalta cabhair a thabhairt agus a lorg i rith na scoilbhliana m.sh chun áiseanna a roinnt, píosa teanga a fhiosrú, ceist shainiúil ar a n-ábhar féin a phlé.

Presenters: Feargal Máirtín & Amy Ní Laoire

Feargal Máirtín X -  @dbgmata www.dbgmataie 

Feargal Headshot 1

Is múinteoir Eolaíochta, Bitheolaíochta agus Mata é Feargal le 11 bliain anuas agus é anois ag múineadh i nGaelcholáiste Cheatharlach.  Cuireann sé oideachas digiteach chun cinn chomh maith le forbairt ghairmiúil múinteoirí le teicneolaíochtaí digiteacha.  Mar chomh-bhunaitheoir dbgmata.ie eagraíonn sé cruthú áiseanna Mata agus Eolaíochta trí Ghaeilge agus forbraíonn sé pobal comhoibritheach thacaíoch.  Bíonn sé bainteach le foireann PST Droichead agus meantóireacht, chomh maith le bheith ina aoi ar phadchraoltaí oideachasúla áit a léiríonn sé a thaithí agus a chailíocht iarchéime sa Mhúineadh agus Foghlaim 21ú hAoise.  Tá sé paiseanta faoi thimpeallacht foghlama dinimic a chothú agus a thuras mar mhúinteoir ag leanúint is ar mhúineadh nuálaíoch agus ceannaireacht san oideachas atá sé dírithe.

Feargal, a Science, Biology and Maths teacher for 11 years now teaching at Gaelcholáiste Cheatharlach, champions digital education and ICT-driven teacher upskilling. As a co-founder of dbgmata.ie, he co-ordinates creation of Irish language Maths and Science resources, fostering a supportive community. Engaged in Droichead PST and mentoring, he advocates for teacher induction and mutual learning between new and experienced teachers. Feargal shares insights through talks, CPD sessions, and appearances on educational podcasts, reflecting his experience and postgraduate qualifications in 21st Century teaching and learning. Passionate about cultivating a dynamic learning environment, in his continuing teaching journey he has a focus on innovative teaching and leadership in education.

Amy Ní Laoire X - @Scienceteachire www.scienceteacher.ie

Amy headshot 1

Is múinteoir Eolaíochta agus Bitheolaíochta le taithí na mblianta í Amy; is príomhoide tánaisteach agus ball lárnach d'fhoireann PST Droichead i gColáiste Dáibhéid i gcathar Chorcaí í.  Bunaitheoir www.scienceteacher.ie, cruthaíonn sí áiseanna núálaíocha do shonraíocht na Sraithe Sóisearaí nua as Gaeilge agus Béarla.  Cuireann cúrsaí FGL, a sheachadann Amy go rialta, béim ar straitéisí praiticiúla, núálaíocha dalta lárnach atá úsáideach trasna ar na hábhair ach le fócas ar Eolaíocht agus ar Mhata.  Ina scoil díríonn Amy ar thacú le múinteoirí a oibríonn trí Ghaeilge trí mheantóireacht agus cláracha tacaíochta ábhair, rud a léiríonn a tiomántacht chun oideachas a bhrú ar aghaidh agus cleachtais múineadh éifeachtacha a chothú.

Amy, an experienced Science and Biology teacher, serves as deputy principal and key member of the Droichead PST team in Coláiste Dáibhéid in Cork City. Founder of www.scienceteacher.ie, she crafts innovative resources for the new Junior Cycle Science specification in Irish and English.   Amy's regularly delivered CPD sessions emphasise practical and innovative student-centred strategies applicable across disciplines, with a focus on Science and Maths. In her school Amy dedicates herself to supporting teachers working through Irish through mentoring and subject support programmes, showcasing her commitment to advancing education and fostering effective teaching practices.

Course Details

Course Start Date / Time 26-11-2024 7:00 pm
Course End Date / Time 26-11-2024 8:00 pm
Cut off date 26-11-2024 7:15 pm
Available place 50
Fee Free
Number Hours 1
Speaker Feargal Máirtín & Amy Ní Laoire
Location Online

Course unavailable